|
|
||||||||||||||
![]() |
||||||||||||||
| English Version | ||||||||||||||
Triathlon Chonamara
|
||||||||||||||
|
A Chara, Ar an 17 Méan Fómhair 2004 bhuail trágóid uafásach Ceantar Charna i gConamara. Báthadh ceathrar fear den trálaer An St. Oliver agus í ar a bealach as Leitir Ard go Ros a’ Mhíl, nuair a caitheadh i dtír í ar Oiléan Lachan amach de Chósta Mhuighinse. Ní ar Charna amháin a ghoill an tragóid seo ach ar phobal an chósta fré chéile ón gCloigeann go hÁrainn. Is as comhbhrón, comhbhá, agus comhoibriú an phobail le linn an chuardaithe do choirp na bhfear sna laethanta fada i ndiaidh na tragóide a tháinig an smaoineamh gur theastaigh seirbhís thárrthála farraige go géar sa gceantar. Níorbh é a céad uair é, ag an bhfarraige ag éileamh a coda ar na carraigeacha sceirdiúla seo. Tháinig Coiste Bhád Tárrthála Charna & na nOiléan le chéile ar an 9ú Deireadh Fómhair 2004 agus chuir siad rompu €250,000 a bhailiú le bád tárrthála dá gcuid fhéin a bhunú i gCarna. Mar a thuigfeá is mór an lear airgid é seo do phobal beag ach mar sin fhéin tá an tairgead ag teacht isteach go tréan. |
||||||||||||||
|
Beidh Rás an Phortaigh dá reachtáil ar cheann de na cúrsaí Triathlón is fearr sa tír, chuile orlach den Chúrsa Olimpeach. 1500m a bhéas sa Snámh, 40km sa Rothaíocht agus 10km sa Rith Is i gCuan Chill Chiaráin a bhéas an Rás Snámha, ar na Rothair ansin soir agus siar Bóthar na Scrathóg ag ardú siar go bun na mBeanna Beola. Tosóidh an Rith ansin, in aghaidh an aird suas an Gleann Mór agus timpeall ag breathnú amach ar an Atlantach. ‘Sé an Satharn 7ú Iúil ‘07, ‘LÁ TRIATHLON CHONAMARA’ Beidh go leor imeachtaí eile ag tarlú ar an lá mór freisin…… |
||||||||||||||
![]() |
||||||||||||||
|
Is isteach i gciste an bháid thárrthála a ghabhfaidh chuile cent dhá mbaileófar ar an lá. Bheadh muid buíoch beannachtach as aon urraíocht a bheifeá féin nó do ghnó in ann a dhéanamh orainn. Tabharfar an t-aitheantas cuí do do ghnaíúlacht. Chuile eolas ó: eolas@triathlonchonamara.com ; Fón: 087 6833596 Banc na hÉireann, An Fhaiche Mhór, Gaillimh; Uimhir Cuntais 823 01076, Cód Sortála: 90-38-16
Is muide le meas, ________________________ Coiste TRIATHLON CHONAMARA Kealan Doyle Cathaoirleach & Cisteoir, Ken Maher Stiúrthóir Rása, Gearóidín Ní Tháibhís Oifigeach Cláraithe, Bridgie Ní Thaibhís Rúnaí, Joe Ó Cathasaigh Comhordnóir Snámha, Veronica Ní Loideáin Oifigeach Lóistín, Ciarán Ó Tuathail Comhordnóir Rothaíochta, |
||||||||||||||
